Scéalta síodh. Ceantar uasal ar a thalamh féin, cheannaigh a athair an talamh atá sé ina chónaí ar go fóill. Slatacha cáil agus crainn uasal agus duine ar bith a thógfadh iad, bheadh méar nimhneach nó rud inteacht acu. Girseacha a tharraing dhá slat a fuair bás. Scéal grinn faoi fhear le cruit air a bhí ar a bhealach na bhaile agus chuala sé na sióga ag ceol “De Luain, De Máirt.....”
Scéal eile faoi fhear ar an bhaile agus fuair a bhó bás air, bhí sé ag guí le hairgead a fháil lena theaghlach a choinneáil, shiúl sé an bealach mór agus casadh fear eile air a thug bó do. Bhí gamhna ag an bhó fríd am ach chaill sé an t-iomlán nuair a smaoinigh sé cúpla ceann acu a dhíol ag an aonach. | 00:06:52 | |